← Bhí trí chéad fear ag baint chloch i nGleann na Smól, gleann aoibhinn seilge na Féinne. 🔊✎
← Chuaigh duine de na maoir ina araicis. 🔊✎
← D'imigh an t-each bán chun scaoill air agus fágadh é féin ina sheanduine bhocht dhall i measc an tslua i nGleann na Smól. 🔊✎
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← "Niamh Chinn Óir is ainm domh," ar sise, "agus is mé iníon Rí na nÓg." 🔊
← "Ach, a Rí na Féinne, tháinig mé le grá do do mhac féin, Oisín meanmneach na dtréanlámh." 🔊
← "Cuirim geasa ort nach bhfulaingíonn fíorlaoch, a Oisín fhéile," ar sise, "mura dtaga tú ar ais liom go Tír na nÓg. 🔊✎
← "Is tú mo rogha thar mhná an domhain, agus rachaidh mé le fonn go Tír na nÓg leat." 🔊
← Shil na deora frasa anuas le grua Oisín agus phóg sé a athair go caoin. 🔊✎
← Ansin lig na Fianna trí gártha cumha ina ndiaidh. 🔊✎
← Thráigh an mhínmhuir rompu agus líon na tonnta tréana ina ndiaidh. 🔊✎
← Ansin ghluais siad leo thar an gharbhmhuir go bhfaca siad an tír aoibhinn lena dtaobh, na machairí mine fá bhláth, na grianáin a cumadh as clocha solais, agus an dún rí a raibh gach dath ann dá bhfaca súil. 🔊✎
← Tháinig trí caogaid laoch ab fhearr lúth agus céad ban ó gab áille gnaoi ina n-araicis, agus tugadh le hollghairdeas iad chuig Rí agus chuig Banríon Thír na nÓg. 🔊
← "Fáilte romhat, a Oisín mhic Fhinn," arsa Rí na nÓg. 🔊
← Is iomaí bliain a chaith siad fá aoibhneas i dTír na nÓg, gan meath ná éag ná easpa. 🔊✎
← Fá dheireadh smaoinigh Oisín gur mhaith leis Fionn agus na Fianna a fheiceáil arís. 🔊✎
← "Deirim leat fá dhó, a Oisín, má thig tú anuas den each bhán, nach bhfillfidh tú choice go Tír na nÓg." 🔊✎
← Tiocfaidh mé slán ar ais go Tír na nÓg." "Deirim leat fá thrí, a Oisín, má ligeann tú uait an t-each bán éireoidh tú i do sheanóir chríon liath, gan lúth, gan léim, gan amharc súl. 🔊
← Níl Éire anois mar a bhí, agus ní fheicfidh tú Fionn ná na Fianna." 🔊✎
← Chuaigh sé ar mhuin an eich bháin agus thug a chúl go dubhach le Tír na nÓg. 🔊✎
← Ar theacht go Gleann na Smól domh thug mé tarrtháil ar an bhuíon gan bhrí agus chaill mé an t-each bán. 🔊
← Thoiligh Oisín dul leis mar gur shantaigh sé gach cearn agus gach baile ina mbíodh na Fianna a shiúl arís agus mar nach raibh lúth a choirp ná amharc a shúl aige le himeacht in aon áit leis féin, ná aon duine dá lucht aitheantais le fáil. 🔊✎
← "Tabhair mo chuid bia agus mo leaba i leataobh domh," arsa Oisín, "óir ní lucht comhaimsire domh na daoine anois." 🔊✎